Tumgik
#meastar
cosmics-beings · 1 year
Text
also more on my megastar au soap box but another thing that tugs on my heart strings is like a post predacons rising tfp meastar au where the two of them meet again. megatron still tortured from what happened with unicron, starscream defeated and dethroned, find one another and in 'peace' times are able to set aside their differences for a while, just to survive but then get closer during their exile. Things are shaky at first, but they get to know each other in a different way.
One thing that Starscream notices is just how demoralized and broken Megatron is. And he finds himself trying to make him feel better, or at least trying to get back to his 'old' self. Megatron has clearly changed, and isn't interested in fighting or violence, but he is happier as the days go by. And it's because of Starscream. Even Starscream, as traumatized as he is due to the war, does all he can to cheer up Megatron. And Megatron is happier because of Starscream.
Starscream is much harder to help. He puts up an 'im okay' facade, but megatron knows he likes to hide how he feels. It is very difficult for Starscream to admit that he is hurting or in pain, or that he's traumatized. When Megatron asks him about it, or at least tries to ask him how he's fairing, Starscream responds like "I'm happy now with you, without the war without violence and that's what matters'
They are both extremely hurt, but in a strange way they heal together. They understand that they aren't perfect people, but find happiness in one another.
I also think that in aus like this, megatron actually commits to peace. he finds some neutral decepticons and neutral bots and actually becomes the head/leader of a peaceful system.
21 notes · View notes
Text
Tá sé de dhith orm 
Is gá dom amhrán agus áilleacht 
solas réalta agus ghathanna gealaí
blathanna úra agus móinéir glasa 
Tá síocháin agus tost orm 
meastar an uaigh 
ní focal a stir an anáil lionn dubh 
ach seo 
Tá sé de dhith orm
2 notes · View notes
corkcitylibraries · 4 years
Text
Máirtín Ó Cadhain
Tá Máirtín Ó Cadhain á chomóradh i mbliana, 2020, leathchéad bliain tar éis a bháis. Ba scríbhneoir Gaeilge agus gníomhaí teangan é Ó Cadhain. Meastar gurb é an scríbhneoir próis is tábhachtaí é i nGaeilge na fichiú aoise. Thóg sé teanga labhartha a mhuintir féin agus d’athraigh sé í go meán liteartha. Thóg sé gnéithe ó chanúintí eile agus ó fhoinsí liteartha níos sine. Léirigh sé ar an mbealach sin, níos mó ná aon scríbhneoir eile lena linn, mianach na Gaeilge mar mheán liteartha comhaimseartha.
Tumblr media
Rugadh Máirtín Ó Cadhain gar don Spidéal i gContae na Gaillimhe. Níl dáta cruinn a bhreithlá ar eolas, ach síltear gur rugadh é i mí Eanair 1905. D’fhás sé aníos i gceartlár Ghaeltacht Chonamara, áit gur chainteoirí dúchais Gaeilge formhór na ndaoine. Bhí traidisiún láidir seanchais ann le linn a óige, agus ba sheanchaí cáiliúil a uncail (deartháir a athar), Máirtín Beag. Gan amhras, bhí tionchar aige seo ar bhun-stíl scríbhneoireachta Uí Chadhain, cé gur athraigh sé an tslí a scríobh sé go dtí múnla níos liteartha nuair a lean sé leis an scríbhneoireacht.
I 1911, agus é in aois a 6, thosnaigh Ó Cadhain ag freastal ar an scoil náisiúnta sa Spidéal. Tá sé suimiúl go raibh deacrachtaí aige leis an scríbhneoireacht i dtús báire. Ní raibh sé in ann greim a choinneáil ar an bpeann, agus bhí ar a mhúinteoir é a cheangal lena láimh. Nuair a fuair sé an bua ar an bhfadhb seo, bhí sé go hiontach ag scríbhneoireacht, agus é fós an-óg. Bhuaigh sé duais le h-aghaidh aiste faoi ainmhithe. Bronnadh dhá scilling agus leabhar darbh ainm Dea-bhéasa air. Blianta ina dhiaidh sin, dúirt sé agus a theanga ina phluic, go ndéarfadh roinnt daoine nár bhain sé mórán úsáide as an leabhar! Cé gur mhac léinn an-éirimiúil é, is beag nár cuireadh stop lena chuid oideachais nuair nach raibh sé ach 13 bliana d’aois. Bhí a thuismitheoirí bocht, agus bhí Ó Cadhain ag teastáil uathu chun obair a dhéanamh ag a baile. Mar sin féin, áitíodh ar a athair é a choinneáil ar scoil. I 1923, bhuaigh sé scoláireacht Rí, ach bhí air a bheith 18 mbliana d’aois chun é a fháil. Ós rud é go raibh 1906 ar a theastas breithe in ionad 1905 (cláraíodh a bhreith an-dhéanach), bhí air fanacht go dtí go raibh sé 18 “go h-oifigiúil” chun an scoláireacht a fháil. Chuir sé iarratas isteach arís i 1924 agus bhuaigh sé scoláireacht. Thosnaigh sé ag freastal ar Choláiste Phádraig i nDroim Conrach i mBaile Átha Cliath ansan. Ní raibh sé in aon áit eile lasmuigh de Chontae na Gaillimhe riamh ina shaol; nuair a bhog sé go Baile Átha Cliath, ba é sin an chéad uair dó a bheith aon áit eile sa tír. Ní raibh sé féin-mhuiníneach ó thaobh labhairt an Bhéarla de toisc nár labhair sé ach an Ghaeilge nuair a bhí sé ina chónaí i gConamara. Mar sin, bhí sé difriúl ó mhic léinn eile, agus ba mhac léinn ciúin é nuair a bhí sé san ollscoil.
Thosnaigh sé ag cur suime in Arm Poblachtánach na h-Éireann (an IRA) nuair a bhí sé faoi oiliúint mar mhúinteoir. Ghlac sé ballraíocht ann go déanach sna 1920idí. I 1936, theastaigh uaidh freastal ar ócáid chomórtha Wolfe Tone, athair Poblachtánachais na h-Éireann, ach ghabh na Gardaí é. An lá dar gcionn, briseadh as a phost múinteoireachta bunscoile i gCarn Mór na Gaillimhe é, ar órdú an easpaig. Scaoileadh chun siúil é toisc go raibh ceangal aige le Poblachtánaigh. I mí Meán Fomhair 1939, gabhadh é agus cuireadh i bpríosún i gCnoc an Arbhair i mBaile Átha Cliath é toisc gur ball den IRA é. Scaoileadh saor é, ach gabhadh arís é in Aibreán na bliana dár gcionn, agus rinneadh é a imtheorannú sa Churrach go dtí 1944. Ní fhostódh aon bhunscoil é toisc go raibh baint aige le Poblachtánachas agus an IRA. Tar éis dó a phost mar mhúinteoir a chailliúint, thuill sé a chuid airgid ag múineadh ranganna oíche do Chonradh na Gaeilge. I 1956, fuair sé post mar léachtóir na Nua-Ghaeilge i gColáiste na Trionóide i mBaile Átha Cliath.
Bhí Ó Cadhain an-chriticeach faoi pholasaí an rialtais Éireannaigh faoi theanga na Gaeilge, agus, go háirithe, faoin nGaeltacht. Mheas sé gur chaith an stát le mhuintir na Gaeltachta mar shaoránaigh dara grád. I 1969, bhí ról lárnach aige i mbunú an fheachtais, Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta. A bhuíochas ar an ngluaiseacht seo, bunaíodh údarás rialtais áitiúil ar leith dos na ceantair Ghaeltachta ina dhiaidh sin.
Ba scríbhneoir ilghníomhach é Ó Cadhain. Chuir sé isteach alán gearrscéalta chuig na h-irisleabhair, Feasta agus Comhar. Ó 1953 go 1956, scríobhadh sé go rialta san Irish Times, faoi ábhair dhifriúla, ina measc: litríocht, polaitíocht agus gluaiseacht na teanga Gaeilge. Foilsíodh a chéad chnuasach gearrscéalta, Idir Shúgradh agus Dáiríre, i 1939. Foilsíodh sé cinn dá chnuasach gearrscéalta, ceann acu, An tSraith Tógála, tar éis dó bás a fháil. Scríobh sé trí úrscéal chomh maith. Tá alán dá scéalta an-dhiúltach, agus deighleáileann siad le daoine ón dtaobh amuigh agus daoine a dheineann iarracht cloí leis na rialacha ach atá ag streachailt le córas sóisialta atá leatromach.
Is fearr aithne ar Ó Cadhain as a chéad úrscéal, Cré na Cille, a foilsíodh sa bhliain 1949. Is aoir é seo ar alán gnéithe den saol comhaimseartha. Is saothar ceannródaíoch agus conspóideach é. Dar le Breandán Ó hEithir, is é an saothar is greannmhara sa Nua-Ghaeilge é, go mór agus go fada. Tá an scéal suite in uaigh, áit a mbíonn na corpáin ag cúlchaint de shíor faoina chéile agus faoin saol ina sráidbhaile ós cionn na talún. Tá 10 gcaibideal ann; i ngach ceann acu, adhlacfar duine atá díreach tar éis bás a fháil, agus tagann an duine seo chuig na corpáin le nuacht faoi gach rud atá ag tarlú thuas. Deineann Declan Kiberd comparáid idir an scéal seo agus Ulyssses, ina dtugann Leopold Bloom cuairt ar Uaigh Ghlas Naíon, áit a ndeineann Bloom iontas faoi na mairbh agus faoi cé acu a raibh a fhios acu go rabhadar marbh in aon chor. Bhí eagla ar Ó Cadhain go n-éagfadh teanga na Gaeilge roimh a bhás féin – b’fhéidir gur meafar ab iad na corpáin do theanga na Gaeilge. Teoiric eile atá ann ná go raibh na smaointe san úrscéal bunaithe ar an am a chaith Ó Cadhain sa Churrach, áit a raibh sé, go bunúsach, marbh don domhan lasmuigh. I gcaitheamh trí bliana tar éis dó a bheith scaoilte saor ó phríosún, scríobh sé Cré na Cille. Bhuaigh Ó Cadhain duais mhór liteartha Gaeilge ar Cré na Cille, agus bronnadh duais liteartha air chomh maith dá dara úrscéal, Athnuachan.
 Tagairtí
Jordan, J. ed. 1977. The pleasures of Gaelic literature. Dublin and Cork: Mercier Press.
Kiberd, D. 2006. No ordinary man. Irish Examiner. 15 February, p. 16.
Ó Cathasaigh, A. 2009. Máirtín Ó Cadhain: Mac léinn, múinteoir, muirthéachtaí. Feasta. 62 (5), pp. 48-50.
Riggs, P. 2006. Máirtín Ó Cadhain. In: Malcolm, C. A. and Malcolm, D. ed. Dictionary of literary biography, volume 319: British and Irish short-fiction writers, 1945-2000. Detroit: Thomson Gale, pp. 280-288.
0 notes
easydinnerideas2020 · 5 years
Text
3 Recipes Pie Campfire Do Do Thuras Allamuigh Ar Aghaidh
3 Recipes Pie Campfire Do Do Thuras Allamuigh Ar Aghaidh
Is breá le gach duine mionra. Cibé milis nó blasta, meastar go bhfuil go leor daoine ag ithe bia compordach. Tá siad iontach do ócáid ​​ar bith agus is féidir taitneamh a bhaint astu laistigh nó lasmuigh. Má tá sé ar intinn agat ceann a dhéanamh thar do thine chnámh ag an champa, téigh go dtí oidis atá éasca a dhéanamh ach blasta.
Tá na 3 oidis pie campfire a must-iarracht le haghaidh do chéad…
View On WordPress
0 notes
easydinnerideas2020 · 5 years
Text
Almond Saffron Fudge, oideas milseog Delicious
Almond Saffron Fudge, oideas milseog Delicious
Nuair a bhaineann sé le cnónna ní féidir leat dearmad a dhéanamh ar almóinní. Is foinse an-mhaith carbaihiodráití almóinní lena n-áirítear snáithíní cothaitheacha, siúcraí agus stáirse. Meastar freisin go bhfuil sé saibhir i saill monai-neamhsháithithe, rud a chabhraíonn le leibhéil cholesterol LDL a ísliú. Is féidir leat dornán de chnónna measctha a ithe gach lá.
Is féidir leat crainn almond a…
View On WordPress
0 notes
easydinnerideas2020 · 5 years
Text
Recipes Ríoga Phortáin agus Sochair Sláinte do Chócaireacht
Recipes Ríoga Phortáin agus Sochair Sláinte do Chócaireacht
Meastar go bhfuil cosa portán an Rí ina n-íogaireacht na laethanta seo mar gheall ar na leibhéil arda a tharlaíonn sna huiscí agus go bunúsach mar gheall ar an tóir a bhí orthu ar an tábla dinnéir. Ní amháin go bhfuil an blas milis, íogair lena uigeacht uathúil atá suas le clú an speicis cab seo, ach an méid iomlán an portán rí, tá ifreann ar a lán níos mó ná aon portán toher eol don fhear.
Meast…
View On WordPress
0 notes