Tumgik
#apb caibidil 2.5
briosca-sa-speir · 5 years
Text
An Prionsa Beag - caibidil 2.5
Ina dhiaidh sin, níor amharc an firín seo agam mar bheadh sé ar seachrán, ná marbh tuirseach, ná stiúgtha leis an ocras, ná spalptha le tart, ná eagla a chraicinn bheith air. Ní raibh cuma dá laghad air gur páiste é a bhí caillte sa bhfásach, míle míle ó aon chónaí daoine. Nuair a tháinig an chaint chugam ar deireadh, arsa mise leis:
— Ach... cad atá ar siúl agat anseo?
Agus seisean liom arís, go bog íseal, mar a bheadh sé an-dáiríre faoin rud:
— Le do thoil, déan pictiúr de chaora dom.
← previous | next →
-----------------------------------
nótaí:
stiúgtha leis an ocras = starved
spalptha le tart = parched with thirst
eagla a chraicinn a bheith ar X (roimh... ) = to be in mortal fear (of...)
dá laghad = whatsoever
go bog íseal = softly, in a low voice
3 notes · View notes